Tá an feachtas seo ag dul ó neart go neart. Le coiste fuinniúil de dhaoine áitiúla agus pátrúnacht oifigiúil ón VEC Corcaigh, creidimid anois go mbeidh dóirse na scoile ag oscailt i Meán Fómhair 2014.
Ta Coiste Gairmoideachais Chorcaí ag reachtáil cruinniú poiblí in óstán Carrigaline Court ar an 27ú Máirt 2011 @ 8.i.n., áit a mhíneoidh siad an scéal is déanaí agus freagróidh siad aon cheist ata ag tuimitheoirí. Iarrfaimid ar thuismitheoirí freastal ar an gcruinniú seo chun mórcheisteanna nó ábhair is cúram dóibh a árdú.
An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, a sprioc chun Gaelcholáiste do 560 dalta a thógáil i gCarraig Uí Leighin.
Tá suíomh substaintiúil de 21 ácra ceannaithe ag an Roinn ar bhóthar Bhaile an Riabhaigh, ní amháin chun tógáil scoileanna nua a éascú ach chun áiseanna spóirtiúla agus aeraíochta a chur ar fáil do mhic léinn. Ta áthas orainn freisin a chur in iúl daoibh, tar éis cruinniú Comhairle Chontae Chorcaí le déanaí, tá an talamh anois athzónáilte i gcomhair úsáid oideachasúil.Ta sé fógartha ag an Roinn go mbeidh an scoil deartha agus tógtha sna blianta ata romhainn agus beidh sí oscailte le mic léinn a ghlacadh i Meán Fómhair 2014.
The site location is marked 'C-01' on this map.
Is gluaiseacht áitiúil é seo déanta as daoine áitiúla. Tagann sé ón fonn atá orainn, oideachas trí mheán na Gaeilge ag an dara leibhéal a chur ar fail dár bpáistí. Is féidir linn é seo a dhéanamh le chéile! Is féidir leatsa a bheith páirteach chun réaltacht a dhéanamh as an moladh seo.
Urraithe ag
Charraig Uí Leighin
Féachaigí ar ár mblog i gcomhair an nuacht is déanaí.
Sínigí. Cuirígí bhur n-ainmneacha síos i gcomhair an nuacht is déanaí trí ríomhphoist.
Abraigí le bhur gcairde faoin suíomh seo.
Cláraigí go luath. Taispeánaigí bhur suim i gclárú do pháiste sa scoil.
Bronnaigí airgead chun tacú leis an bhfeachtas seo.